Iontach a bheith ar ais le chéile

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú


BHUEL, a chairde, tá súil agam go raibh craic agaibh thart fá Lá Fhéile Pádraig, cíbe rud a rinne sibh agus cíbe áit ina raibh sibh. Bhí mé féin tuirseach tréigthe ar scór ar bith i ndiadh beagnach coicíse d’imeachtaí i rith Féile Pádraig Ghlaschú ach b’fhiú é mar bhí sé dochreidte maith a bheith ar ais ag bualadh le daoine aghaidh ar aghaidh, sa saol mar atá, nó cíbe frása atá fóirsteanach. Bhuail mé le a lán daoine nach bhfaca mé le cúpla bliain anuas, ah bhí sé ar fheabhas! Míle buíochas ag gabháil le gach duine a d’fhreastal ar imeacht ar bith i rith na Féilte i nGlaschú agus na daoine, ceoltóirí, grúpaí agus eile a ghlac páirt ann. Táim ag súil go mór le Féile Pádraig 2023 cheana féin!

Mar sin, anois cad é a dheanfaidh muid linn féin anois? Bhuel, tá a fhios agam go mbeidh a lán imeachtaí agus eile ag teacht ó Chonradh na Gaeilge Glaschú, mar shampla ár bhFeile na Gaeilge Glaschú i mí an Mheithimh le hoíche scannán, oíche cheoil & craic agus ceardlanna Gaeilge. Fosta beidh imeacht rialta nua ar shiúil i ndiaidh na Cásca dírithe ar iad siúd a bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil ró-mhuiníneach í a úsáid. An smaoineamh a bheidh i gceist ná sórt ciorcal comhrá ach ceann le cuidiú ar fáil agus le daoine eile ar an leibhéal céanna—mhéan leibhéal, a bheag ná a mhór—rud cosúil leis na ‘seisiúin mall’ a bhíonn ar shiúil fá choinne daoine atá ag foghlaim ceol tradisiúnta.

Feicim go minic nach mbíonn muinín ar dhaoine dul chuig ‘gnáth’ ciorcal comhrá, ceann ag a mbeadh daoine níos líofa na iadsan ann, bíonn sórt faitíos orthu agus fiú nach bhfuil gá daoibh sin a bheith ann tuigim an mothú sin ag an am céanna. Mar sin, tá suil againn go dtabharfaidh an togra seo deiseanna comhrá/cleachtadh don lucht foghlaimeoirí sin. Beidh an grúpa seo ag bualadh le chéile ar Zoom agus mar sin ní bheidh gá duit do theach a fhágáil nó bróga a chur ort fiú!

Tá suil againn fosta go mbeidh ár gCultúr Club seachtainiúil fa choinne páistí bunscoile ar ais i ndiaidh na Cásca agus cinnte go mbeidh ár gCampa Samhraidh ar ais díreach i ndiaidh deireadh na bliana scoile. Ní thig linn fanacht fa choinne an craic sin go léir.

Dár ndóighe tá ár ranganna seachtainiúil ar ais, chuid is mó acu ar ais aghaidh ar aghaidh san Ionad Chomharsanachta Chnoc Ghobhainn mar is ghnáth, agus fosta tá ár grúpa amhránaíochta—Ceoltóirí Chonradh na Gaeilge Glaschú—ag bualadh le chéile arís agus bíonn fáilte roimh baill nua i gcónaí. Mar sin déan teagmháil liom má tá suim agat in imeacht ar bith, beidh fáilte’s fiche romhat.

Bhí an t-ádh liom ar na mallaibh go raibh seans agam dul ar saoire bheag sa Phortaingéil, san Algarve don chéad uair, an tseachtain i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig. Chuaigh mé le grúpa cairde fá choinne breithlá 50ú mo charad. Oh a Dhia, tá mé sean anois—fiú nach bhfuil mise féin caoga go fóill, ba mhaith liom a dheimhniú.

Fiú go raibh an t-ádh orm dul ar ais go hÉireann ó am go ham i rith an dá bhliain roimhe seo ní raibh seans agam ach bualadh leis na cairde seo uair nó dhó san am sin agus mar sin bhí sé comh deas a bheith ar ais le chéile leo. Is iad na rudaí shimplí na rudaí is fearr, sílim féin ar scór ar bith.

Rud deireanach faoin saoire sin, agus déanaim iarracht a bheith dearfach anseo, a oiread agus a thig liom ar scór ar bith, ach rud atá ar m’intinn nuair a bhí mé sa Phortaingéil ná tionchar an Bhéarla ar an cheantar. Bhí sé le feiceáil ar an oiread sin fógraí i ngach áit. Bhí sé mar an chéad teanga a d’úsáid na hoibrithe san óstán nuair a bhí siad ag caint le custaiméirí. Níl a fhios agam cad é an bhealach ceart chun seo a rá, agus gan amhras go dtuigim gur cheantar turasóireachta é, ach mhothaigh sé aisteach fós. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh sé i bhfeidhm orm caighdeán na
teanga a bhí ag a lán daoine ach bhí rud caillte ag an am céanna, i mo bharúil. Ah, is dócha níl ann dabht ann ach gur seanfhear anois mé nuair a bhím ag gearán faoi rudaí mar sin! Cá bhfuil mo phíopa agus mo shlipéir?

Mar rud deireanach, na mhaith liom a rá go mbíonn sé easca a bheith in íseal brí na laethanta seo, i ndiaidh an dá bhliain uafásach a bhí againn agus faoi láthair agus muid ag léamh na nuachta, mar sin tabhair aire daoibh féin a chairde agus ná déanaigí dearmad go: “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.” Tugaigí aire.

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk


PIC: RACHEL COYNE