Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
NACH iontach a rinne foireann sacair ban na hÉireann I nGlaschú cúpla seachtain ó shin ! Cáilithe fá choinne Corn an Domhain don chéad uair ariamh! Caithfidh mé a rá go raibh beagán—beagán—brón orm gur tharla seo i gcoinne foireann na hAlban, agus mar gheall ar sin nach mbeadh iadsan ag dul chuig an chomórtais san Astráil agus Nua Seallainn an bhliain seo chugainn, ach áthas an domhain orm go mbeidh mná na hÉireann ann.
Nach fada an bóthar a shiúil siad go dtí an pointe seo fosta. Ní amháin sa bhabhta cháilíochta seo. Níl sé ach cúig bhliana go leath ó a bhí ar na himreoirí ón fhoireann seo teacht amach ar agóid mar gheall ar an bealach a bhí Cumann Pheile na HÉireann ag déileáil leo agus an leibhéal de dhímheas a bhí na húdaráis ag tabhairt orthu. Tá sé dochreidte a smaoineamh ar anois ach bhí siad ar tí dul ar stailc toisc go raibh cursaí chomh holc sin.
Ceann de na príomhcheisteanna ag an am ná go bhfuil na himreoirí ag lorg luach saothair I leith caillteanas ioncaim a tharla daoibh agus iad ar dualgas idirnáisiúnta, toisc nach imreoirí lánaimseartha 60% acu ag an am agus mar sin bhí orthu laethanta saoire—gan pá go minic—a ghlacadh chun dul ag imirt leis an fhoireann náisiúnta. Dúradh fosta ag an am go raibh ar na mná sinsear a gcuid culaith spóirt a roinnt le foirne faoi aois agus mar sin ní féidir leo iad a choinneáil, agus go raibh orthu athrú I leithris aerfoirt roimh agus I ndiaidh taisteal ar thurais as baile leis an fhoireann.
Mar a dúirt mé, deacair a chreidiúint gur tharla sin ach níos measa gur tharla siad cúpla bliain ó shin. Bhí Katie McCabe ag an agóid sin agus mar sin nach iontach go raibh sí fós thart le beirt nó triúr eile ón am sin, mar chaptaen na foirne anois agus, is dócha, an t-imreoir is fear againn, ag imirt le ceann de na clubanna is fearr In Eorpa, Arsenal. Níl dabht ar bith ach go bhfuil go raibh orthu troid, ar an pháirc agus taobh amuigh de, fá choinne gach rud a fuiar siad agus mar sin go bhfuil an rathúlacht atá acu anois go hiomlán tuillte acu.
Is cuimhin liom go díreach an chéad uair a cháiligh foireann na bhfear fá choinne comórtas —ar ais I 1987 nuair a bhí Jack Charlton mar bhainisteoir. Fuair Gary MacKay an cúl I Sofia a thug an bua do fhoireann na hAlban i gcoinne an Bhulgáir agus mar sin a thug an chéad áit sa ghrúpa cháilithe d’fhoireann na hÉireann. Is laoch de chuid lucht tacaíocht foireann sacar na hÉireann é MacKay go deo agus is cuma linn gur raibh sé ag imirt le Hearts ar feadh a ghairm go hiomlán—níl gá do pionta a cheannach dó féin in Éirinn!
Tá mé in ann an rud céanna a rá faoi bean Dhún na nGall anois, Amber Barrett. Bhuel a phíosa gur laoch í, níl mé ag caint ar Hearts agus na piontaí! Nach go hiomlán fóirsteanach é go bhfuair bean as ceantair An Chraoslach an cúl iontach tábhachtach seo cúpla lá i ndiaidh an tubaiste dochreidte uafasach a tharla ansin. Labhair sí go galánta i ndiaidh an cluiche faoi na mothúcháin a bhí uirthi agus í ag ullmhú don chluiche. Is as Baile na nGallóglach í, áit gar don Chraoslach agus is as An Chraoslach a seanthuismitheoiri agus bhí sí caint faoi méid ama a chaith sí ansin ina shaol agus go raibh aithne uirthi ar dhaoine a bhí sa thubaiste. Bhí sí in ísle brí roimh an cluiche mar gheall ar gach rud ach ag an bhomaite cinniúnach nach iontach an scil a thaispeáin sí—bheadh Messi nó Ronaldo breá sásta leis an chéad teagmháil a bhí aici agus a leithéid do chríoch a thug sí fosta. An chéad rud a rinne sí na gur chuir sí a lámh ar an banda dubha a bhí na himreoirí ag caitheamh i gcuimhne ar na daoine a fuair bás sa thragóid sin. Níl náire orm a rá gur chaith mé deor nó dhó agus mé ag amharc—agus athamharc—ar an chúl seo sna laethanta ina dhiaidh sin.
Tá súil agam go mbeidh deora áthasach agam nuair a bheidh siad ag imirt san Astráil I mí Iúil seo chugainn! Sonas sa donas a thug siad dúinn agus gabhann muid ár míle buíochas dóibh.
Maidir leis An Chraoslach, bhuel tá an-bhrón orm nach bhfuil mé in ann níos mó a scríobh faoi ach níl na focail agam caithfidh mé a admháil agus mar gheall ar sin rinne mé an cinneadh díriú ar cúrsaí áthasach san am dorcha seo. Comhbhrón ó chroí uaim do mhuintir Dhún na nGall. Nach iontach an spioraid a thaispeáin an phobal sin dúinn uilig na laethanta seo. Tabhair aire a chairde
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk