‘Aontas na Craice’

0

Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú

BHUEL, a chairde, sin é déanta fá choinne bliain eile—tá Lá Fhéile Phádraig 2018 thart anois! Tá súil agam go raibh seans agaibh uilig é a cheiliúradh i gceart agus craic agus taitneamh a bhaint as.

Cinnte go raibh beart imeachtaí eagraithe i rith na féilte i nGlaschú, Dún Éideann agus Droichead an Cóta agus comhghairdeas leo siúd a d’eagraigh na féilte agus maith thú má thug tú tacaíocht dóibh. Is fiú é a chuimhnigh go bíonn I bhfad níos mó ar siúl na féilte ná na ceiliúradh móra ar an lá é féin—sin ráite, nach deas an rud é uair a bhíonn Lá Fhéile Phádraig í féin ar an deireadh seachtaine mar a bhí i mbliana.

Gach sórt rud nó gné de chuid cultúr na Éireann bhí sé le fáil iontu agus nach deas an rud sin dúinn mar phobal na Éireann in Albain. Bhí cúpla seachtain den chéad scoth againn silim féin, mar is iontach an rud é go mbíonn an deis seo againn ag an t-am seo gach bliain ár gcuid cultúr a cheiliúradh. Nílim ábalta smaoineamh ar náisiún a dhéanann an rud ceanna agus caithfidh muid a bheith bródúil as sin agus gan dearmad a dhéanamh ar cé chomh luachmhar agus ata sé dúinn. Tá a fhios agam fosta nach raibh sé chomh furasta sin ár n-oidhreacht Éireannach a cheiliúradh in Albain fiche agus níos mó bliain ó shín agus go mbíonn deacrachtaí ag daoine fós in amanna.

Anois agus na himeachtaí a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig thart tá mo chuid smaointe ag tiontaigh go díreach chuig roinnt imeachtaí atá ag teacht chun ceiliúradh a dhéanamh ar na naisc iontacha idir Gaeil na hÉireann agus na Alban.

Mar is eol daoibh, tá súil agam, tá tionscadal darb ainm Gaels le Cheile, atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge Glaschú i gcomhpháirtíocht leis An Lòchran, eagraíocht Ealaíon na Gaidhlig. Leis an tionscadal seo eagraítear imeachtaí a thugann Gaeil na hÉireann agus na hAlban le chéile ag ceilíthe, ceardlanna teanga, ceardlanna amhránaíochta, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile. Faudheann an tionscadail mhaoiniú ó Cholmcille, sin comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bord na Gàidhlig in Albain.

Deirim i gcónaí gur áit uathúil í Glaschú toisc go bhfuil pobal láidir Gaeilge agus Gàidhlig san aon áit amháin. Ceapaim nach féidir leat an rud céanna a rá faoi áit ar bith eile, ach amháin Dún Éideann b’fhéidir ach fiú ansin measaim go bhfuil sé fearailte a rá nach bhfuil stair na dteangacha agus stair na nGael chomh fite fuaite le stair na cathrach ar an taobh thoir mar atá sé san iarthar. Tá súil agam nach dtiocfaidh litreacha gearáin siteach ó Dhún Éideann mar gheall ar an ráiteas sin!

Scríobh mé ar na mallaibh faoi cad é mar a thugann an t-idirlíon deiseanna do Ghaeilgeoirí ó gach cearn den domhan naisc a chruthú eatarthu féin. Sa dóigh chéanna, sílim fosta go dtugann na na meáin shóisialta éagsúla an deis do Ghaeil ar dhá thaobh de Sruth na Maoille—agus cuimhnigh nach bhfuil ach 8 míle i gceist ansin—chun cumarsáid agus comhroinnt a dhéanamh ar na rudaí ata mar cheangail eatarthu. Mar sin tá níos mó naisc phearsanta agus naisc ghnó ann anois ná mar a bhí ann fiú 10 mbliana ó shin. Is rud iontach é sin, dar liomsa, mar is Gaeil muid uilig agus tá rudaí le foghlaim óna chéile agus mar a deir an seanfhocal Gaeilge: Níl neart go cur le.

Mura bhfuil a fhios agat, is ‘deirfiúr’ teangacha iad an Ghaeilge agus a Ghaidhlig, mar aon le Gaelg ar Oileán Mhanainn, sa mhéid go dtagann siad go léir as an Sean-Ghaeilge, trí Mheán-Ghaeilge. Tá scéalta faoi Fhionn Mac Cumhail, Oisín agus na Fianna—na scéalta a d’fhás muid go léir in Éirinn—le fail sna trí tír.

Cúpla mí ó shin, agus me ag brionglóideach, scríobh mé faoi Phoblacht Aontaithe na nGael— Éire, Albain agus Oileán Mhanann i dtír amháin Ghaelach—ach b’fhéidir rud éigin atá againn díreach anois ná ‘Aontas na Craic’ mar a bheir ‘Daily Gael’ air (sin cuntas twitter a bhaineann leis an Ghaidlig). Is é sin an chraic a fhaighimid ó cheiliúradh a dhéanamh ar na naisc idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil na Albain! Mar sin chun an ‘aontas’ seo a cheiliúradh agus chun na naisc seo a neartú beidh deireadh seachtaine Ghaels le Cheile ag deireadh mhí an Mhárta i nGlaschú. Tá sonraí faoi na himeachtaí le fáil ag deireadh an leagan Béarla den alt seo (chun spás a shábháil). Deireadh seachtaine uathúil a bheidh ann, na caill é! Déan teagmháil liom trí 07866453708/ cnag_glaschu@hotmail.com chun tuilleadh eolais a fháil! Déan ceiliúradh ar Aontas na Craice!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in

cnag_glaschu@hotmail.com

www.cnag-glaschu.co.uk