Éimhín Ó Dunaigh
Oifigeach Forbartha, Conradh Na Gaeilge, Glaschú
CAD é mar atá sibh a chairde? Tá ceist agam daoibh? An mbíonn sibh ag baint úsáid as na meáin shóisialta ar chor ar bith? B’fhéidir go bhfuil tú gafa leofa? Nó b’fhéidir nach bhfuil a fhios agat cad é an difríocht idir Snapchat agus Facebook? Is dócha go mbraitheann sé ar d’aois, mar shampla chuala mé ar na mallaibh nach mbíonn na deagóirí ag dul ar Facebook níos mó mar ceapann siad nach mbíonn ann ach seandaoine, cosuil lena gcuid tuismitheoirí! Thig liom sin a thuigbhéil caithfidh mé a rá, mar tugaim buíochas gach lá nach raibh a leithéid do Facebook, nó na cinn eile, thart nuair a bhí mé óg! Bím ag baint úsáid as Facebook agus Twitter ach is annamh a bhím ag scríobh rud ar bith orthu, go háirithe rud ar bith pearsánta. Úsáidim iad chun nuacht agus eolas faoi imeachtaí a fháil agus chun rudaí suimiúla (domhsa) a scaipeadh.
Agus mé a bheith ag spaisteoireacht thart ar an idirlín, má thig leat a leithéid a dhéanamh, mothaím le cúpla bliain anuas go bhfuil an cibear-Ghaeltacht (mar a bhearrtear air) ag dul ó neart go neart.
Tháinig sin chun cinn go mórmhór i rith an fheachtas ‘Trasna na dTonnta’ a bhí ar siúl ar feadh cúig lá ag tús mí Feabhra i mbliana. Ba shin an tríú bhliain den fheachtas a bhfuil faoi daoine ar fud an domhain a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar Twitter leis an haischlib #TrasnaNadTonnta.
Tagann ainm an fheachtas agus an haischlib, dar ndóighe, ón amhrán traidisiúnta cáillúil, amhrán a tháinig amach as ceantar Ghaoth Dobhair bhí mé ag léamh ar na mallaibh. Ag deireadh na seachtaine sin bhí 10,772 giolc (nó tvúit más fearr leat an focal sin) seolta leis an haischlib sin, ó 102 tír. Chur sin i gcomparáid le 82 tir anuraidh. Dár ndóighe ghlac gaeilgeoirí in Albain páirt san fheachtas seo. Mar a dúirt John Prendergast, teagascóir Gaeilge le Fulbright in Indiana, Meiriceá: “Nasctar daoine a bhfuil Gaeilge acu ón Afraic le foghlaimeoirí Gaeilge ón Rúis agus cruthaítear pobal beo ar líne, áit gur féidir ár bhféiniúlacht agus ár gcultúr a cheiliúradh.”
Caithfidh mé a rá gur ardaigh sé mo chroí a bheith ag léamh na giolcanna ó ghach cearn don domhan. Bíonn sé deacair do chuid misneach ó thaobh na Gaeilge de a choimeád in amanna mar gheall ar an drochnuacht a bhíonn le léamh go minic faoi stádas na Gaeilge agus na Gaeltachtaí agus mar sin bhí sé, agus bíonn sé i gcónaí, deas deascéal fuithi a léamh agus spreagadh a fháil.
Mar atá san amhrán féin Trasna na dTonnta: “Slán leis an uaigneas ‘is slán leis an gcian; geal é mo chroí, agus geal í an ghrian, geal bheith ag filleadh go hÉirinn!”
Rud eile a thaispeán beocht agus neart na Gaeilge ar leibhéal idirnáisiúnta ná an nuacht faoin trí mhilliúnú giolc Ghaeilge seolta ar Twitter, nuacht a tháinig amach díreach thart fán am a chuireadh tús le TrasnaNadTonnta i mbliana. Nuair a thugann tú faoi dheara gur i mí Lúnasa 2017 a seoladh an dá mhilliúnú giolc i nGaeilge agus mí Aibreán 2015 a seoladh an milliúnú giolc, tuigeann tú an bhealach ina bhfuil an cibear-Ghaeltacht seo ag méadú. Má bhí tú ag smaoineamh faoi cá huair a tháinig amach an chéad giolc i nGaeilge, bhuel ba sin ar ais i 2006, cúpla mí i ndiaidh bhunú an tsuíomh. Tháinig na figiúirí seo uilig ó obair Kevin Scannell, an saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta. Ar ais sa saol réadúil beidh neart seansanna chun do chuid Gaeilge a cleachtadh, nó giota beag dí a fhoghlaim, i rith Seachtain na Gaeilge 2019 in Albain. Mar eolas daoibh maireann ‘Seachtain na Gaeilge’ ar feadh níos mó ná coicis anois, idir an 1ú agus an 17ú de mhí an Mhárta.
I nDún Éideann beidh dhá nó trí Pop-Up Gaeltacht, agus imeachtaí eile, ar siúl. Déan teagmháil liom nó lean @SnaGEdin ar Twitter chun níos mó eolas a fháil. I nGlaschú beidh PopUp Gaeltacht i Malones Déardaoin an 7ú, Lá Gaeilge le ranganna ag leibhéal éagsúla i bPartick ar an 9ú agus beidh Aifreann Gaeilge i dTeach Pobail Dun Scotus, sa Gorbals, ag a 2 ar Lá Fhéile Phádraig í féin.
Chomh maith le sin uilig seans go mbeidh imeachtaí ar siúl in Obar Dheathainn mar d’eagraigh grúpa an chéad Pop-Up Gaeltacht/Gaidhealteachd (sin le Gàidhlig na hAlban fosta) riamh ann ag tús mí Feabhra. Tá siad le fáil ar Facebook, agus Twitter sílim, mar sin dá mbeifeá i do chonaí thart fán cheantar sin déan teagmháil leo! Ní neart go cur le chéile.
Bhí sé iontach deas an colún ón Dr Séamus Dillon a fheiceáil san The Irish Voice an mhí seo caite, le cuidiú agus comhairle chun an Ghaeilge a fhoghlaim . Duine ar bith a fuair spreagadh uaidh tá Bunrang na Gaeilge nua díreach I dhiaidh tosú i nGlaschú, gach oíche Mháirt ó a 7in i 54 Admiral Street. Agus bíonn neart ranganna agus imeachtaí eile againn, mar sin tá tú ceart go leor anseo, fiú go bhfuil tú ‘Trasna na dTonnta,’ agus níl gá duit pilleadh go hÉirinn chun do chuid Gaeilge a úsáid nó a fhoghlaim!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in n
cnag_glaschu@hotmail.com
www.cnag-glaschu.co.uk