BHUEL an mhí seo caite, bhí mé ag caint faoin scannán Kneecap as an Tuaisceart. Dá mbeadh orm teideal a chur ar scannán faoin nuacht atá ag teacht amach as an áit sin an mhí seo... déarfainn go mbeadh díomá orm gur úsáid duine The Good, the Bad and the Ugly cheana féin.
An nuacht maith? Bhuel léigh mé gur chláraigh níos mó na sé chéad duine fá choinne na ranganna a chur Turas ar fáil san fhómhair—Turas, sin togra na Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste. Is é mar aidhm ag Turas daoine ó chúlraí Protastúnach nó aontachtacha a nascadh lena stair féin tríd an teanga.
Seans gur chuala sibh trácht ar Linda Ervine, bainisteoir ag Turas. Is Protastúnach agus Aontachtaí í—tá sí pósta le deartháir de chuid David Ervine, duine a bhí lárnach sna cainteanna fá choinne Comhaontú Aoine na Chéasta—agus mar sin i gcónaí bíonn a lán suim ag na mheáin inti thar na blianta. Bíonn sí chun tosaigh i gcónaí nuair a bhíonn caint ar bith faoi dhaoine Protastúnach agus an Ghaeilge, agus fuair sí MBE I 2021 as a cuid seirbhísí don Ghaeilge.
Is cinnte gur togra fíor fíor dearfach agus rathúil é Turas—tá sin soiléir ó na figiúirí amháin a luaigh mé thuas ach níos mó ná sin tá a gcuid oibre iontach tábhachtach chun an Ghaeilge a normalú sa phobal Protastúnach/Aontachtach.
Chuala mé an scéal gur thosaigh Linda ag cur suim sa Ghaeilge nuair a fuair sí amach go raibh Gaeilge ag a sinsear. Díreach cúpla lá ó shín chuir sí teachtaireacht suas ar X le nasc chuig an iontráil sa daonáireamh ó 1901 fá choinne teaghlach a sean thuismitheoiri—nó b’fhéidir sin-sheantuismitheoirí—agus tas e le feiceáil ansin ar pár go raibh Gaeilge acu. Mar a scríobh sí í féin: “Is Preispitéireach mé agus is liomsa an teanga.”
Sin teachtaireacht iontach tábhachtach, go háirithe i measc na guthanna diúltacha at bhíonn le cloisteáil ó go leor daoine sa phobal sin. I 2019 mar shampla bunaíodh an chéad club GAA sa cheantar sin i mBéal Feirste agus in ainneoin go leor bagairtí—gloine briste caite ar a gcuid páirceanna—tá an club sin ag dul ó neart go neart, de réir dealraimh.
Tugann sé seo mé do na rudaí sna nuacht ar na mallaibh a bhí ‘dona agus gránna.’ Is comhbhunaitheoir í Linda de Scoil na Seolta chomh maith—bunscoil agus naíscoil lán-Ghaeilge agus imeasctha agus an chéad scoil lán Ghaeilge agus imeasctha sa Tuaisceart.
D’fhás an scoil amach ó obair Turas agus d’oscail siad naíscoil i 2022—bhí sé beartaithe ar dtús go n-osclófaí é in 2021 ar áitreabh bhunscoil eile in oirthear Bhéal Feirste, ach mar gheall ar fheachtas ar na meáin shóisialta i gcoinne sin, bhí orthu athlonnú go spás eile. Ní raibh sin deireadh leis na deacrachtaí atá acu.
Fuair Scoil na Seolta cead pleanála ón comhairle cathrach fá choinne foirgneamh sealadach don bhunscoil s’acusan níba luaithe i mbliana. Faraor, ag leanúint sin, cúpla seachtain ó shin bhuail Aire Oideachais Stormont, Paul Givan le grúpa darb ainm an LCC, an Chomhairle Pobail Dhílseachta—scátheagraíocht don UVF, UDA agus a leithéidse anois agus iad ag fágáil paraimíleatas ina ndiaidh. Dúirt an LCC gur chuir siad in iúl don Aire Givan nach raibh tacaíocht ar bith ag gaelscoil in oirthear Bhéal Feirste agus gur cheart don roinn bac a chur ar an togra.
Mar sin, bhí siad ag bualadh leis an aire chun fadhbanna an lag-chaighdeán oideachais ag fir óga i gceantair dhílseachta a phlé agus ag an am céanna ag iarraidh stop a chur ar scoil nua i gceann de na cheantracha sin?
Fiú mar chuireann muid ar leataobh an raibh sé ceart gur bhuail an t-aire leis an dream seo nuair nach raibh eagraíochtaí a bhíonn gníomhach san earnáil oideachas ábalta cruinniú leis a fháil ach de réir na huimhreacha beidh an bunscoil seo lán nuair a osclóidh sé i 2025—tá an éileamh ann ach níl na daoine seo ag iarraidh sin a admhaigh.
Ansin, an tseachtain seo caite i nDoire chuir bagairtí imeacht clárúcháin ranga Gaeilge do dhaoine fásta ar ceal, imeacht a bhí chun a bheith ar siúl i gCarraig Ceasail. Tuigeadh gur tháinig na bagairtí seo ó pharaimíleataigh dílseachta. Mar a dúirt An Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, ó eagraíocht na Gaeilge An Dream Dearg, níl ann sa rud seo ach ‘coir fuatha seicteach.’
Cé chomh lag agus gan mhuinín ina bhféiniúlacht féin agus atá na daoine seo go bhfuil an méid seo eagla orthu roimh teanga agus cultúr eile? Chuir sé i gcuimhne domh rud a dúirt Linda uair amháin: “Tá sé inár logainmneacha, tá sé inár sloinnte... cad chuige nach mbeadh tú ag iarraidh é a fhoghlaim?” Nó chuirfinn féin le sin, ar a laghad cad chuige go gcuirfeadh sé isteach go mór ort go mbeadh daoine eile ag iarraidh í a fhoghlaim—gach duine ar a dhóigh féin, mar a deirtear.
Bhrisfeadh sé do chroí in amanna, ag smaoineamh ar dhaoine chomh caolaigeanta sin ach ag an deireadh, tá a fhios agam nach mbeidh an bua acu—beidh an bua ag oscailteacht, oideachas agus dearfacht. Mar a luaigh mé ag tús an cholún, tá níos mó ná sé chéad fáth againn chun sin a chreidiúint.
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments