BHÍ oíche an-deas i nGlaschú cúpla seachtain ó shín ag Oíche Scannáin Chonradh na Gaeilge Glaschú sa CCA ar Sráid Sauchiehall cuid de Fhéile na Gaeilge Glaschú 2024. Taispeánadh dhá scannán ar an oíche, an chéad ceann acu clár faisnéise faoi scéal suimiúil Bád Eddie, an bád cáiliúil sin atá go fóill ar trá Mhachaire Chlochair sa Bunbeg i bparóiste Ghaoth Dobhair. Is cinnte go raibh an-suim ag daoine áitiúla sa scéal seo, go nadúrtha nuair a smaoiníonn tú ar an mhéad duine thart fa Glaschú a bhfuil ceangail láidir acu leis an cheantar sin. Sin ráite déarfainn go ndeachaigh an scannán eile ar an oíche Saol Úr in Albain i bhfeidhm níos mó fiú ar an lucht féachana. Sa scannán sin chuala muid scéalta díreach ó deichniúr ban as Gaeltacht Dhún na nGall a tháinig go hAlbain—an chuid is mó acu go Glaschú—sna caogaidí agus seascaidí.
Bhí sé chomh deas a fheiceáil an t-atmaisféar sa phictiúrlann beag agus an méid suilt a bhain daoine as na scéalta ar an scáileán. Bhí aithne ag cuid mhaith den lucht féachana ar, ar a laghad, duine nó beirt de na mná. Faraor, déarfainn go bhfuil an mórchuid de na mná i ndiadh bás a fháil ón am a thaifead an scannán. Bhí scéalta brónacha agus greannmhar le chéile sa scannáin ach is dócha an rud ais mó a chuaigh i bhfeidhm ar an lucht féachana ná an nasc a thug siad dóibh lena sinséar agus a n-oidhreacht.
Bhí mé ag smaoineamh ar na téamaí sin, oidhreacht agus sinsear, nuair a chuala mé faoi dhá chailleadh mór i saol na Gaeilge ar na mallaibh. An chéad ceann, duine a bhí mar sheanchara ag lucht na Gaeilge i nGlaschú agus Conradh na Gaeilge Glaschú le blianta fada, fada anuas, An Dr Pádraig Ó Baoighill. Ba as Rann na Feirste Pádraig agus cosúil leis a lán daoine ón cheantair sin chaith sé seall i nGlaschú ar ais sna caogaidí, tréimhse ina raibh sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus i gCumann Lúthchleas Gaeil. Is cuimhin liom é ag caint faoi a bheith ag imirt iománaíocht anseo ag an am sin agus tá a fhios agam go raibh bród air nuair a chuala sé faoin chlub nua Iománaíocht agus Camógaíochta sa chathair, Ceann Creige.
Bhí clú maith aige i saol na Gaeilge mar gheall ar a chuid oibre le Gael Linn—‘Paddy Gael Linn’ a bhí mar leasainm air. Scríobh sé níos mo ná 20 leabhar ó a thosaigh sé ag scríobh leabhair lánaimseartha nuair a d’éirigh sé as a phost. An chuid is mó acu bhí bhaint acu le Dún na nGall nó stair phoblachtánach nó an dá rud le chéile mar shampla ina a leabhar Óglach na Rosann faoi shaol Niall ‘Plunkett’ Ó Baoill.
Bhí an t-ádh linn go raibh trí dheis againn, ag Conradh na Gaeilge Glaschú, é a thabhairt go Glaschú fá choinne roinnt ócáid le blianta beaga anuas. Bhí dá seoladh leabhair againn leis sa CCA, i lár na cathrach. An chead uair bhí sé ag seoladh leabhar beathaisnéise a scríobh sé faoi Robert Burns agus a nasc le hÉirinn—leabhar leis an t-uafáis eolais nua faoi shaol an fhile. An dara uair bhí sé ag seoladh leabhar a scríobh sé faoi stair Conradh na Gaeilge in Albain agus pobal na hÉireann in Albain go ginearálta. An uair deireanach a bhí sé linn thug sé léacht faoin iris An tUltach in ómós ar a chara agus laoch na Gaeilge in Albain, Séan Ó Fiannaí.
Cé chomh eolach agus a bhí sé ní raibh sé ardnósach leis, an mhalairt go hiomlán, bhí sé oscailte. Cairdiúil agus réidh le caint le duine ar bith a raibh suim acu san ábhar a bhí sé ag caint faoi ag na himeachtaí seo.
Tá áthas orm go raibh seans againn meas a thabhairt dó agus gur thug roinnt eagraíocht ómós do agus é beo mar shampla gradam ó Comharile Chontae Dhún na nGall cúpla bliain ó shin mar aitheantas ar a chuid oibre ar son na Gaeilge.
Déanaim, agus tá a fhios agam go ndéanann gach duine ag Conradh na Gaeilge Glaschú, comhbhrón lena theaghlach uilig—cuid acu a bhí leis anseo go minic—agus a cairde go léir. Suaimhneas síoraí dá anam.
An laoch eile i saol na Gaeilge atá imithe ar shlí na fírinne ná Micheál Ó Muircheartaigh, iar-thrachtaire ag RTÉ ar cluichí CLG ach i bhfad, i bhfad níos mó ná sin.
Rinneadh duine cur síos ar mar ‘Athair Mór an Náisiún’ agus aontaím le sin. Bhí mé ag ócáid i mBéal Feirste níos mó ná 10 mbliana ó shin agus ba Mhicheál an aoi speisialta agus mhothaigh mé go raibh sé mar phribhléid a bheith sa seomra céanna leis. Labhair sé le mothúcháin faoi cé chomh tógtha gus a bhí sé leis an mhéid oibre a bhí i mbun i mBéal Feirste ar son na Gaeilge agus bhí sé chomh soiléir an méad meas a bhí sa seomra dó.
Bíonn seo ráite go minic ach ní thig liom smaoineamh ar go leor daoine go bhfuil sé tuillte níos mó acu ná Pádraig (os cionn) agus Micheál—ní bheidh a leithéid arís ann. Ní dhéanfar dearmad orthu choíche, mairfidh a gcuid saothar ar son na Gaeilge agus ár gcultúr ina ndiaidh go deo.
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments