A CHAIRDE, tá an Nollaig ag druidim linn agus t súil agam go bhfuil sibh ag súil go mór leis. Mar sin, bhí mé ag smaoineamh ar thraidisiún am na Nollag in Éirinn, Nollaig na mBan.
In áiteanna in Éirinn, tugadh Nollaig na mBan ar an 6ú Eanáir—sin an dóú lá déag, agus ar an lá deireanach, den Nollaig, ainmneacha fosta ar an la sin na ‘Nollaig Bheag’ nó an Eipeafáine sa Chríostaíocht an Iarthair. De réir an traidisiúin, mar—ahem—‘luach saothair’ as a gcuid oibre dian i rith shéasúr na Nollag. Lá saor a bhí ann de na mná ó obair tí agus bhí róil thraidisiúnta sa teach malartaithe—rinne na fir ‘obair na mban’ sa teach agus na mná ag ligint a scíth agus ag bailiú le chéile go neamhfhoirmiúil. Ba é an nós a bhí ann ná gur thug na mná cuairt ar thithe a gcairde agus a gcomharsana agus gur bhain siad sult as tae—agus b’fhéidir deochanna níos láidre is dócha?—agus na píosaí deireanacha den cháca Nollag agus a leithéid.
Bhuel, caithfidh mé a rá, fiú dá gcuirfeá ar leataobh an pholaitíocht inscne achrannach ar chúl sin go léir, is fiú aird a tharraingt ar an seo, ó tharla gurbh ar lá deiridh na Nollag a tharla sé, seans maith nach raibh fágtha fa choinne na mná ach fuílleach an séasúr. Mar sin, thiocfadh linn a rá nach raibh an oiread sin de luach saothair a bhí i gceist, b’fhéidir.
B’fhéidir gurb é sin ceann de na fáthanna go raibh deireadh tagtha, den chuid is mó, le traidisiún Nollaig na mBan faoi lár an 20ú haois. Ní cuimhin liom, go pearsanta, é a bheith mar thraidisún nuair a bhí mise ag fás aníos, mar shampla. Is cosúil, áfach, go bhfuil sórt athbheochan le feiceáil ar na mallaibh.
Feictear fógraíochta sna Óstáin agus bialanna don ócáid. Go starógach, is cosúil go roghnaíonn go leor ban an oíche sin le dul amach lena gcairde i ndiaidh na Nollag. Mar sin, ón taobh sin de, b’fhéidir gur fiú é an tradisiún a thabhairt ar ais nó, chun a bheith níos cruinne , chun é a uasdátú do shaol an lae inniu—oíche a bheidh na mná ag ceiliúradh le chéile in áit díreach lá amháin faoiseamh ó obair dian an tí!
Ar scór ar bith, ag bogadh ar aghaidh, is dócha go bhfuil a fhios ag chuid mhaith daoine, mar is nós é seo atá fós á chleachtadh go foleathán, go bhfuil tradisiún in Éirinn ag rá go bhfuil mí-ádh ann an crann Nollag agus na maisiúcháin a thógáil anuas roimh Nollaig na mBan. Dé réir mar a thuigim, tá an traidisiún seo coitianta go leor lasmuigh d’Éirinn fosta.
Tá cúpla nós eile, níos neamhghnáiche, á léamh agam a bhaineann le Nollaig Bheag. Nós amháin, i gceantracha áirithe den tír, gurbh ar an lá seo a chuimil máithreacha eireaball scadán trasna súile a gcuid páistí chun imdhíonacht a thabhairt dóibh in aghaidh galair don chuid eile den bhliain. Mar sin, b’fhéidir go mbeifeá in ann an traidisiún sin a bhagairt ar do chuid páistí dá mbeadh siad dalba i ndiaidh cuairt Daidí na Nollag leis na bronntanais Oíche Nollag!
Bhí mé ag léamh fosta faoin creideamh aisteach eile a deirtear go n-iompódh uisce tobair uile na hÉireann ina fhíon ag meán oíche ar an Nollaig Bheag. Hmm, caithfidh mé a rá, b’fhéidir go raibh duine éigin ag insint cúpla scéal ‘arda’ d’ollamh nó do dhalta éigin a bhí ag bailiú eolais ar thraidisiúin na tíre, ach cad atá ar eolas agam?
Ar scór ar bith, Nollaig shona agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.
Mar focal scór na bliana ba mhaith a luaigh arís imeachtaí na Gaeilge in Albain. Bíonn ranganna, PopUp Gaeltachtaí, grúpa Ceoltóirí, Cultúr Club do phaistí agus imeachtaí eile á shocrú ag Conradh na gaeilge Glaschú. Na dean dearmad go mbeidh Céilí Oíche Bhríde ag druidim linn go luath. Beidh se ar siúl i 2025 De hAoine, 31ú Eanáir, i Halla Chríost an Rí, i Kings Park, ó 7.30pm. Ticéid le fáil ón Chonradh nó ar Eventbrite. Oíche iontach a bhíonn ann i gcónaí!
I nDún Éideann bíonn ciorcal comhrá uair sa mhí, PopUp Gaeltachtaí fosta agus níos mó imeachtaí. Déan teagmháil liom chun níos mó eolais a fháil nó déan teagmháil leis an Little Ireland Arts Collective sa chathair.
Bain triail as an Ghaeilge i 2025 !
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments