Céimeanna dearfacha
- Éimhín Ó Dunaigh
- Mar 31
- 3 min read

BHUEL, a chairde, tá súil agam go raibh an t-ádh libh a bheith i nGlaschú maidin Dé Sathairn an 8ú Márta chun mórshiúl na Féile Pádraig Ghlaschú a fheiceáil. Ba iontach an ócáid a bhí ann agus bhí meangadh gáire orm an t-am ar fad agus mé ag siúl le grúpa ó Chonradh na Gaeilge Ghlaschú. D’ardaigh sé mo chroí a bheith páirteach i rud chomh dearfach mar sin ag ceiliúradh oidhreacht agus cultúr na hÉireann agus ár bpobal sa chathair.
Bhí grúpaí ann ó Chomhaltas, Cumann Lúthchleas Gaeil, go leor scoileanna damhsa agus eile ann agus bhí sé go hiontach a fheiceáil an méid teaghlaigh agus páistí a ghlac páirt ann, bhí sé díreach ar fheabhas. Lá bródúil dár bpobal gan dabht ar bith. Moladh ag gabháil leis na daoine a rinne éacht mór chun imeacht chun mór seo a eagrú agus éacht mór a bhí ann.
Ní thagann rud mar seo le chéile gan go hoibre déanta sa chúlra—fiú go bhfuil mé ar choiste na Féile Pádraig Ghlaschú é féin, ba dhaoine eile a rinne an obair chun an mhórshiúl a chur le chéile. Ní dhéanaim dearmad nach moladh féin-mholadh!
Lean an lá ar aghaidh leis na mílte sa Merchant Square, ag Lá an Teaghlaigh de chuid Féile Padraig Ghlaschú ag a raibh ceol, damhsa agus amhráin na hÉireann le feiceáil agus le cloisteáil. Imeacht fíor-dhearfach eile a bhí ann ansin.
Ag am dearfach mar seo is fiú in amanna a chuimhneamh go raibh sé iontach deacra,
dainséarach fiú, le blianta, ceiliúradh cosúil leis an himeachtaí seo a dhéanamh i nGlaschú. Mar sin moladh ollmhór do na daoine a seas an fód sna blianta fada agus deacair sin ar son ár n-oidhreacht agus ár gcultúr—na daoine a choinnigh na
heagraíochtaí Éireannacha ar shiúil sna laethanta sin agus níos mó a chur iad chun cinn go dtí an pointe ag a bhfuil muid anois. Tá súil agam go raibh na daoine sin sásta leis an mhéid a chonaic siad ar an lá dearfach sin.
Tá scéal dearfach eile i ndiaidh ag teacht amach faoi Choimisinéir na Ghaeilge sa Thuaisceart, faoi dheireadh. Ní raibh mé ach ag léamh cúpla lá roimhe ráiteas ó Chonradh na Gaeilge in Éirinn ag léiriú a gcuid díomá faoin mhoill iontach fada a bhí ann an ról seo a líonadh agus muid 5 bhliana I ndiaidh a d’fhoilsíodh an aontú ‘New decade, New approach,’ ina raibh Choimisinéir na Ghaeilge, agus ceann d’Ultais, geallta. Ansin tháinig ráiteas amach ó na Náisiúin Aontaithe ina cáineadh rialtas an Breataine as an mhoill a bhí ann chun na coimisinéirí a cheapadh. Ansin, go tobann—bhuel sin mar a mhothaigh sé domhsa—d’fhogair Feidhmeannas Thuaisceart Éireann go mbeidh siad ag cur tús leis an próiseas chun Coimisinéir a cheapadh.
An raibh nasc idir na ráitis seo, agus an cáineadh poiblí a bhí iontu, agus an gluaiseacht seo ón rialtas? Tá sé deacair a rá ach is cinnte go raibh cuma ait ar chúrsaí ag an am céanna.
Is cinnte go raibh, agus go bhfuil, go leor frustrachas ann gur ghlac sé an méid ama seo—is rud seafóideach é, i ndáiríre—ach mar a dúirt Conradh na Gaeilge ina ráiteas: “Forbairt stairiúil anocht agus céim chun tosaigh a dúirt cuid mhór nach dtarlódh riamh. Bua ollmhór a d’eascair as feachtas pobalbhunaithe #AchtAnois ar son cearta, cothromas agus cóir.”
Tá an ceart go hiomlán acu ansin, seo rud nach dtarlódh gan gníomh an phobal. Is cinnte go mbeadh níos mó gníomh de dhíth ón phobal sa todhchaí ach ag an am seo thiocfadh le dream na Gaeilge sa Tuaisceart a bheith sásta go bhfuil dul chun cinn déanta ar an phointe tábhachtach seo. Áfach, tá sé soiléir go bhfuil Coimisinéir na Ghaeilge de dhíth ann nuair a léann tú faoin DUP ag seasamh i gcoinne athraithe do chóras maoinithe úr fá choinne Foras na Gaeilge—an eagraíocht uile-Éireann a fhaigheann 75% dá gcuid maoiniú ó rialtas an Deisceart agus 25% ó thuaidh faoi láthair.
Tá ciorruithe uafásach ag teacht, £800,000, don mhéid a fhaigheann Foras agus mar sin don mhéid a fhaigheann na grúpaí pobalbhunaithe a bhíonn le fail maoiniú uathu agus mar sin údar imní e sin fosta. Ár ndóighe, mar a chonaic muid i nGlaschú ar na mallaibh, is ó ghníomhartha na eagraíochtaí pobalbhunaithe a thagann cuid mhaith de neart an phobal.
Mar sin—agus chun críochnú ar rud dearfach—má fuair tú spreagadh ag imeachtaí le linn na Féilte Pádraig déan teagmháil leis na grúpaí i do cheantar féin, ní bheidh díomá ort má ghlacann tú páirt níos mó i saol pobal na hÉireann!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments