top of page
Éimhín Ó Dunaigh

Tagann guth nua chun cinn

Updated: Oct 14


BHUEL a chairde, níl aon dabht ar bith cad e an scéal is mó I saol na Gaeilge na laethanta seo agus sin é scannán Kneecap—agus is deas an rud go bhfuil rud eile le plé againn in áit na deartháireacha Ó Gallchóir agus a gcuid ticéid. Níos mó na sin, I bhfad níos mó ná sin, níl aon dabht ach go bhfuil an scannán seo I ndiaidh dul ‘trasna’ go dtí an ‘gnáthshaol’ agus ní amháin in Éirinn ach anseo agus tíortha eile.


Sin ráite, ní seo an chead scannán i nGaeilge (den chuid is mó) a d’eirigh le sin a dhéanamh ar na mallaibh. Bhí cuid mhaith caint sna meáin ar An Cailín Ciúin agus fuair sé ainmniúchán ag na BAFTAs agus na hOscars fosta.


Seo rud éigean difriúil áfach, i gcomparáid le An Cailin Ciúin, Roise and Frank—scannán iontach eile, atá le fail faoi láthair ar BBC iPlayer agus mholfainn go hard é—agus scannáin eile atá i nGaeilge, tá an teanga í féin mar pháirt lárnach sa scannán Kneecap agus tá sé go maith difriúil i go leor bealaí eile, is dócha.


Chuala mé duine ag déanamh cur síos ar an scannán mar Trainspotting na hÉireann agus tuigim sin agus aontaím leis caithfidh mé a rá, sin comparáid maith, i mo bharúil féin.


Muna chuala tú faoi , insíonn an scannán scéal an banda cheoil rap, Kneecap, as Béal Feirste—a gcuid cúlra agus cad e mar a thosaigh siad an grúpa. Is scannán greannmhar, iontach bríomhar é agus craiceáilte e ach rabhadh, mura chonaic tú e go dtí seo, dearfainn nach dtabharfainn mo mháthair mhór liom chun e a fheiceáil mar tá go leor gnéas, drugaí agus eascainí ann ach ní masla e sin—ach shílim go raibh orm sin a rá, ar eagla na heagla.


Tá fíor scéalta fite fuaite sa scannán le rudaí nár tharlaigh agus de réir le hagallaimh leis an ghrúpa a chonaic mé is iad cuid de na scéalta is craiceáilte na cinn atá fíor, creid e nó ná creid, ach ag an phointe seo b'fhéidir go bhfuil sé deacair na fíor scéalta agus na scéalta gan bhunús a scaradh óna chéile, agus is dócha tá siadsan breá sásta le sin—agus cad chuige nach mbeadh siad?


Níl aon dabht ó a thosaigh siad i 2017 go bhfuil bua ar leith acu poiblíocht a chruthú dóibh féin idir rudaí chonspóideach a dheanamh nó a rá. Mar shampla an chéad uair a chuala cuid mhaith daoine in Éirinn fúthu nó nuair a chuir RTÉ cosc ar a gcéad singil C.E.A.R.T.A mar gheall ar na ‘tagairtí ar dhrugaí agus mionnaí móra ann.’


Tá a fhios agam go gcreideann daoine go bhfuil cuid de na conspóidí seo crutha acu d’aon ghnó ach déarfainn féin, den chuid is mó, go mbíonn siad ag rá agus ag déanamh na rudaí is mian leo agus ní bhíonn daoine airithe sásta le sin m.s. an DUP—dream nach mbíonn sásta le haon rud dár ndóighe.


Sin ráite, déarfainn go mbíonn a fhios acu fosta cad é bhíonn siad ag deanamh nuair a theann siad chuig a premiere i Land Rover PSNI. Sin an saol cheoil agus an saol siamsa, níl aon drochphoiblíocht mar a deirtearach sílim féin muna raibh an ceol agus an scannán maith tas e soiléir nach mbeadh an méid seo suim iontu nó rath acu.


An raibh a fhios ag lucht féachana ag an féile cáiliúil Sundance faoi na conspóidí seo nuair a thug siad duais chuig an scannán níos luaithe i mbliana? Dearfainn nach raibh.


Mar sin, níos mo ná na conspóidí agus na rudaí craiceáilte sa scannán tá rudaí le rá acu faoi saol na hóige sa Tuaisceart i ndiaidh na Trioblóidi agus faoi fhéiniúlacht Éireannach ann, go háirithe mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge.


Níl gá le gach duine a aontú leofa dár ndóighe ach is maith an rud, i mo bharúil féin cíbe, go bhfuil grúpa mar seo agus scannán mar seo ann i nGaeilge—rud difriúil, rud nua-aimseartha. Níl aon dabht ach go bhfuil siad ag mealladh daoine nua don teanga, in Éirinn agus, de réir dealraimh, in Albain fosta agus is iontach an rud e sin, nach ea?

Mholfainn daoibh an scannán a fheiceáil sula imeoidh sé... ach b'fhéidir fág do Mhameo sa bhaile!


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Recent Posts

See All

Comments


Commenting has been turned off.
bottom of page